Fáiltiú ón bPríomhoide

Buíochas leat as cuairt a thabhairt ar shuíomh s’againne. Táimid paiseanta i nGaelscoil Cholmcille faoinár gclár oibre. Tá sonas agus forbairt gach páiste chun tosaigh i gach gné dár n-obair. Baineann na daltaí tairbhe as an tumoideachas mar aon le timpeallacht foghlamtha atá fuinneamhach agus dearfach. Tá buíochas mór ag dul d’fhoireann, do thuistí agus don phobal mar gan iad ní bheadh an scoilphobal bríomhar seo ann. Tá fáilte roimh gach páiste inár scoil agus tá an feachtas scoil 16 seomra ranga a bhaint amach idir láimhe. Moladh agus Mealladh!

– Neasa Ní Aoláin, Príomhoide

Clárúcháin 

Beimid ag glacadh le hiarrataisí do Naíonáin Bheaga 2025 idir an 10ú agus an 24ú Deireadh Fómhair 2024 amháin.  Ní féidir linn glacadh le hiarrataisí roimh an dáta seo.  Glacfar le iarrataisí déanacha i líne lenár bpolasaí iontrála tar éis na dátaí seo.  Is féidir teacht ar an bhfógra iontrála anseo agus ár bpolasaí iontrála anseo.

Glactar le hiarrataisí do ranganna eile chomh maith agus pléafar gach iarratas go haonaránach.

Feachtas do Scoil Nua

Tá Gaelscoil Cholmcille gan fhoirgneamh buan agus muid 29 mbliana ar an bhfód. An bunéileamh atá againn ná scoil bhuan le 16 rang le ranganna speisialta a fháil a bheidh in ann freastal ar riachtanais na ndaltaí agus riachtanais an phobail.  Táimid ag súil le scéal dearfach a fháil ón Roinn Oideachas maidir leis an gcur chuige seo.

Rang Speisialta

Fuair an scoil s’againne an deá-nuacht i rith an briseadh lár téarma i mbliana go bhfuil cead faighte againn ón CNOS an rang speisialta a bhí uainn a oscailt.  Táimid ag súil leis an rang seo a oscailt i mí Meán Fómhair 2025 tar éis roinnt mion-oibreacha tógala a chur i gcrích.  Is céim dhearfach ar aghaidh é seo dár scoil agus táimid ag súil leis na hachmhainní breise a bheith againn le bheith ina scoil ionchuimsitheach agus riachtanaisí ár gcomharsanacht scoile ag éabhlóidiú agus ag athrú.  Táimid tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ár bpolasaí iontrála chun na hathruithe seo a léiriú agus beidh foirm iarratais ar fáil cúpla lá sula dtosaíonn muid ag glacadh le hiarrataisí don rang speisialta.  Tá tuilleadh eolas le fáil agus dátaí tábhachtacha luaighte ar an bhfógra iontrála athbhreithnithe.

Latest

NEWS